Fáilte go dtí suíomh gréasáin na scoile, Coláiste Chroí Mhuire gan Smál.
Tugtar blaiseadh den éagsúlacht gníomhaíochtaí agus imeachtaí a bhíonn ar siúl inár scoil, ón suíomh gréasáin seo.
Is Meánscoil Chaitliceach Dheonach í Coláiste Chroí Mhuire gan Smál faoi Phátrúnacht CEIST, Oideachas Caitliceach, Iontaobhas Scoileanna Éireannacha. Is scoil chomhoideachais í ár scoil. Maidir le sármhaitheas acadúil, tá Coláiste Chroí Mhuire tiománta do chaighdeáin arda agus do mhodhanna teagaisc nuálacha agus uilechuimsitheacha. Spreagtar na scoláirí a bheith réamhghníomhach, ceisteanna a chur, iniúchadh a dhéanamh agus deiseanna nua a ghlacadh. Tá muid bródúil as dul chun cinn agus rath ár scoláirí. Déanann muid ceiliúradh ar éachtaí agus socraíonn muid ionchais maidir le spriocannna, idir acadúil agus seach-churaclaim.
Freisin, chun Folláine Shóisialta agus Mhothúchánach a chinntiú, déantar iarrachtaí timpeallacht shábháilte, chuimsitheach agus thacúil a chruthú agus a chur chun cinn i gColáiste Chroí Muire.
Maidir leis an bPobal agus Comhpháirtíochtaí cuirtear béim ar an dtábhacht a bhaineann le comhoibriú agus rannpháirtíocht idir thuismitheoirí agus baill foirne.
Mar Phríomhoide na scoile, tugaim cuireadh do gach duine cur le saol scoile dhearfach agus oibriú le chéile i dtreo spriocanna coitianta agus iomlánaíocha.
Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!
Gráinne Ní Fhlannabhra
Priomhoide