Coláiste Chroí Mhuire Chéid Chéim Eile

Ráiteas Misin

  1. Oideachas Iomlán : Is í aidhm na scoile ná forbairt iomlán an dalta go na huile bhuanna. Aithníonn an scoil na buanna faoi leith atá ag chuile dhalta. Déantar forbairt ar na buanna seo go léir, go spioradálta, móralta, intleachtúil, fisiciúil, cultúrtha agus sóisíalta.
  2. Teanga agus Cultúr: Scoil lán-Ghaeilge atá anseo i gceantar agus in abhantracht Ghaeltachta. Is é ár ndualgais oidhreacht, dúchas agus teanga an cheantair a fhorbairt agus a chaomhnú. Is í an Ghaeilge teanga na scoile, sa seomra ranga, sa chlós agus in imeachtaí uile na scoile. Leagtar béim láidir ar labhairt agus ar chothú na Gaeilge agus ar chothú an chultúir a bhaineann leis an gceantar.
  3. Cúram daonna: Cothaítear atmasféar cóir, cúntach do dhaltaí agus don fhoireann teagaisc araon. Déantar cúram speisíalta dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste.
  4. Caidreamh le Tuismitheoirí: Is í aidhm na scoile ná comhoibriú le na tuismitheoirí le forbairt iomlán na ndaltaí a thabhairt chun críche.
© 2026 Coláiste Chroí Mhuire